Cookie Consent by FreePrivacyPolicy.com
Redline Festival
Menu

Is Iomaí Cor


Réaltan
Réaltan Ní Leannáin
DateThursday October 13th
Time7:00 pm
VenuePalmerstown Library
AdmissionFree - Booking essential

Filíocht agus prós agus comhrá leis an údar Réaltán Ní Leannáin. 


Cíorann sí an turas atá siúlta aici ón bhlag a thosaigh sí i 2009, http://turasailse.blogspot.com/, le linn di bheith ag obair mar Léachtóir san Oideachas in Ollscoil na Banríona. As an turas ailse sin a d'eascair cnuasach filíochta. Lean na leabhair phróis ina dhiaidh sin. Anuraidh, tháinig Bláth na dTulach ar an tsaol agus í mar eagarthóir. Díolaim 28 gearrscéalta comhaimseartha le húdair éagsúla is ea é, agus gach saghas faoin spéir istigh ann. Tá na scéalta á gcur ar fáil mar phodchraoltaí ó 2022 i leith ar https://blath-na-dtulach.com/. Cuireann an scríbhneoir síos ar an phróiseas ó lámhscríbhinn go cló go cluasrian go craoladh.


Is iomaí cor sa tsaol, a deir an seanfhocal. Is mó cor san fhoilsithoireacht, seans.