Cookie Consent by FreePrivacyPolicy.com
Red Line Book Festival
Menu

REIC Filíocht, Ceol, Scéalta


DateTuesday October 17th
VenueNorth Clondalkin Library
AdmissionFree - Booking essential
Time 7pm

Is oíche filíochta dhátheangach (agus in amantaí ilteangach) í REIC. Cuirtear fáilte roimh an Ghaeilge i gcónaí, chomh maith le taispeántas i dteagnacha eile. Cuireann bean an tí Ciara ní É REIC ar siúl gach mí nó mar sin i mBÁC, agus tugann sí í chuig féiltí éagsúla timpeall na tíre - International Literature Festival Dublin, Cúirt Galway, Dublin Book Festival, Electric Picnic, Body and Soul, IMRAM, agus eile.



REIC (pronounced ‘wreck’) is a bilingual, and often multilingual, spoken word event featuring poetry, rap, music, storytelling, and everything else you can think of! It provides a welcoming space where Gaeilge is encouraged. Ciara Ní É organises REIC regularly in Dublin and the event also features at festivals such as International Literature Festival Dublin, Cúirt Galway, Dublin Book Festival, Electric Picnic, Body and Soul, and IMRAM.


Is file í Ciara Ní É a bhfuil a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. Bhí sí ar an liosta '100 Women Changing Ireland in 2022' de chuid an Irish Examiner. Tá sí mar Ealaíontóir Cónaithe leis an Dublin Fringe Festival 2022. Foilsíodh saothar dá cuid sna díolamaí Marrow/Cnámh agus Smior, Washing Windows Too, Queering the Green, agus in irisí fearacht Aneas, Icarus agus Comhar. Chomhbhunaitheoir an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach í agus is ambasadóir í le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. Foilseofar a céad chnuasach filíochta i bhfómhar na bliana 2023.


Writer and activist Ciara Ní É has performed in New York, London, Brussels, and Sweden. She is currently Artist in Residence with the Dublin Fringe Festival. Her work has been published in journals including Icarus, Aneas, and Comhar, and the recent anthologies Bone and Marrow/Cnámh agus Smior, Queering the Green and Washing Windows Too. She is a co-founder of the LGBTQ+ arts collective AerachAiteachGaelach and is an Irish Writers Centre ambassador. She was chosen as one of the Irish Examiner’s '100 Women Changing Ireland in 2022’. Her first poetry collection will be published in autumn 2023.


Aoife Ní Mhórdha is a singer from Meath. She is a member of the folk duo 'We're Not Together' who will launch their debut EP this Autumn. She studied at DIT Conservatory of Music and Drama. In her solo work she draws inspiration from artists such as Lucy Dacus and Laura Marling.


Is file, scríbhneoir, aisteoir, feadógaí, pianódóir, amhránaí ar an sean-nós agus rinceoir seite í Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin. Tá sí i mbun máistreachta sa tSean- agus sa Mheán-Ghaelainn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá mórán duaiseanna bainte ag a cuid scríbhneoireachta agus ceoil, agus tá a saothar le léamh i bhfoilsiúcháin éagsúla, ina measc sna cnuasaigh Lampa ar Lasadh: Gradam Mháire Mhac an tSaoi agus Washing Windows Too: Irish Women Write Poetry, san iris Feasta, Comhar agus Nós agus na foilsiúcháin tríú leibhéil Breac, University Express, agus Tuathal.



Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin is a poet, writer, actor, tin whistle-player, pianist, sean-nós singer and set-dancer. She is currently completing an MA in Early and Medieval Irish in UCC. Her poetry has won several awards, and her work has been printed in many publications including the collections Lampa ar Lasadh: Gradam Mháire Mhac an tSaoi and Washing Windows Too: Irish Women Write Poetry, as well as in the literary magaizines Feasta, Comhar, and Nós, and in the third-level publications Breac, University Express and Tuathal.


File, scríbhneoir, agus amharclannóir is ea Sam Ó Fearraigh, as Gort a’Choirce, i dTír Chonaill. Tá filíocht leis foilsithe in Comhar, Poblachd nam Bàrd, Green Carnations | Glas na Gile, agus ROPES, agus ficsean gairid in Splonk (2020) agus sa chnuasach Bláth na dTulach (2021). Bhuaigh sé Comórtas Slamfhilíochta Liú Lúnasa in 2021 agus fuair dántaí leis an chéad agus an tríú áit faoi seach i gcomórtas filíochta Frances Browne sa bhliain chéanna. I measc a chuid saothar amharclannaíochta tá Grindr, Saghdar, agus Cher (2023, comhoibriú le Ciara Ní É agus Eoin McEvoy), agus Balbháin (2020). Oibríonn Sam mar scéalaí agus scriptscríbhneoir do Ros na Rún.


Sam is a poet, writer, and theatre-maker from Gort a'Choirce, Co. Donegal. His poetry has been published in Comhar, The Poets' Republic, Green Carnations | Glas na Gile, and ROPES. His short fiction has been published in Splonk (2020) and in the anthology Bláth na dTulach (2021). He won the Liú Lúnasa Slam Poetry competition in 2021 and his poems took first and third place respectively in the Frances Browne poetry competition in the same year. His theatrical work includes Grindr, Saghdar, agus Cher (2023, co-written with Ciara Ní É and Eoin McEvoy), and Balbháin (2020). Sam works as a storyliner and scriptwriter for Ros na Rún.


File an focal labhartha is é Cormac Mac Gearailt. Rugadh 's a tógadh i mBlá Cliath é ach tá fréamhacha aige in Iarthar Chiarraí. Bhuaigh sé an Talkatives Poetry Slam anuaraidh, agus bíonn sé labhairt ag féilte, i tithe tábhairne, agus ar stáitsí eagsúla ar fud na tíre.


Cormac is a writer and spoken word artist from Dublin. He performs in English and Irish, and has stood on stages at festivals, poetry nights and in pubs across the country. He recently won the WeAreGriot Talkatives Slam, and was a runner up in the All Ireland Poetry Slam Final.